Connacht: Paisin, Bród agus Stíl Imeartha Den Scoth

Posted: April 12, 2016 in European Rugby, International Rugby, Lions, Rabo, Rugby

165284_146_news_hub_146515_677x251

Tá stíl imeartha rugbaí d’fhoirne an Pro 12 ag dul in olcas. Tá foirne anois ag iarradh cluiche cosanta a imirt; tá siad ag iarraidh an cluiche a bhuachaint ó bhotúin a sainnithe. Ach ní féidir an méid seo a rá faoi Chonnacht.

 

Le trí shéasúr anuas, tá Pat Lam ag cruthú stíl imeartha nua sa gcúige, stíl ionsaithe nach bhfuil foireann eile sa sraith ag imirt. Chaill siad go leor cluichí ag tús a réimis, ach ní a thuilleadh. Ghlac na himreoirí leis, agus ghlac lucht leanúna an chúige chomh maith, agus anois tá siad sa dara áit sa sraith.

 

Bhí Rob Penny ag iarraidh an stíl céanna a chruthú do Mhumha nuair a bhí seisean ina chónaí i Luimneach, ach ní raibh lucht leanúna an Mumhain sásta fanacht air. Chaill sé go leor cluichí i rith blianta a cheannasaíochta (shroich sé babhta leath-cheannais na hEorpa freisin, rud nach ndearna Foley) agus fuarthas réidh leis.

 

Ach bhí an ceart ag Connacht níos mó ama a thabhairt go Lam a stíl imeartha a thabhairt isteach. Anois, tá na scileanna ag Connacht ionsaí a dhéanamh ó áit ar bith ar an bpáirc. Cé go bhfuil go leor gortuithe acu, tá siad fós in ann a stíl féin a imirt. Tá sé ionsuite sna himreoirí.

 

D’imigh Connacht chuig an bhFrainc an deireadh seachtaine seo chaite chun cluiche leath-ceannais a imirt in aghaidh Grenoble, agus beidh ‘séard a tharla ann i gcuimhne na leantóirí go deo. Cluiche den scoth a bhí ann, cluiche a chaill Connacht le pointe amháin. Cé gur chaill siad, d’imir siad cluiche nach bhféadaidís in ann imirt trí bhliain ó shin. D’imir siad le saorimeacht, bród, luas agus paisean.

 

Thosaigh Shane O’Leary an cluiche ag uimhir a deich de dheasca gortuithe ag AJ MacGinty agus Jack Carty. Chuir sé cic trasna na páirce ina 22 féin, ach ní uaidh féin a tháinig an cinnedh sin; cinnte gur tháinig an teachtaireacht sin ó Lam chun an chic sin a dhéanamh. Ach rinne sé a sheacht ndícheall, agus tógfaidh sé go leor muinín ón gcluiche. Fuair sé slánú ón taobhlíne go luath sa gcluiche agus stiúir sé an imirt i rith a thréimhse ar an bpáirc.

 

Ach má tá muid chun caint faoi imreoir a raibh an tionchar is mó ar an gcluiche aige, caithfidh muid labhairt faoi Matt Healy. D’imir sé thar barr. Bhí sé breá compórdach i ról an lánchúlaí. Fuair sé úd, agus rinne sé dhá úd freisin. Rith sé gach uile liathróid a bhfuair sé agus ní raibh cosaint Grenoble in ann déileáil leis an sleaschéim nó leis aluas a bhí aige. Is dóigh go raibh Joe Schmidt ag breathnú ar an gcluiche, agus sheol Healy teachtaireacht thar a bheith soileár dó: tá sé réidh don stáitse idirnáisiúnta.

 

Bhí Fergus McFadden ar bhinse na hÉireann i rith an 6 Násúin mar gheall go raibh an córas cosanta ar eolas aige (nílim ag rá gur drochimreoir é ach oiread, ach bhí imreoirí Éireannacha eile ag imirt níos fearr ná é ag an am). Níor roghnaigh Schmidt Healy mar gheall ar seo. Ach i rith an tsamhraidh, ba cheart do Healy dul chuig an Afraic Theas agus geansaí na hÉireann a chaitheamh. Beidh bainisteoir nua ag foireann na hAifraice Theas agus beidh siad ag streachailt leis an stíl nua a bheidh á thabhairt isteach aige. Cinnte, cluichí fisiciúla a bhéas ann, ach is deis iontach é an turas sin imreoirí ar nós Healy, chomh maith le Ultan Dillane, Finley Bealham agus Garry Ringrose, a thriail. Taithí iontach a bheadh ann dóibh.  

 

Beidh Connacht ag imirt in aghaidh na Mumhan i nGaillimh an deireadh seachtaine beag seo agus is cluiche ollmhór é do na Connachtaigh agus na Mumhanaigh. Beidh daoine ag rá go mbeith sé deacair d’fhoireann Connachta a n-intinn a réiteach tar éis dóibh chailliúit sa bhFrainc.

 

Ach breathnaigh ar na firicí: chuaigh siad chuig ceantar na hAlpa gan a gcéad, dara nó triú rogha leathchúlaí amuigh; d’ionsaigh siad ó gach áit ar an bpáirc; ní raibh go leor imreoirí céad-roghnach acu; chaill siad Jake Heenan díreach roimh an gcluiche. Ach fós scóráil siad 32 pointe agus ceithre úd. Ní fhaigheann mórán foirne 32 pointe in aghaidh foirne Fraince le foireann iomlán sa mbaile, gan trácht a dhéanamh ar chluiche as baile.

 

B’fhéidir gur chaill Connacht in aghaidh Grenoble sa bhFrainc, ach d’imir siad thar barr, le himreoirí a chreideann sa ngeansaí, sa mbainisteoir agus sa stíl imeartha. Tá Jack Carty ar ais ag treanáil arís freisin, agus is suimiú ollmhór é sin freisin. Imreoidh siad leis an stíl imeartha agus an paisin céanna in aghaidh na Mumhan; ní athróidh tada ach an timpeallacht.

Pictiúr tógtha ó Newstalk.

Advertisements
Comments
  1. Ger says:

    An-phíosa déanta agat maith thú. Bheinn Cúramach faoi Healy ar phíosa amháin ní bheidh sé in aghaidh chúla i chomh lag le 14 grenoble gach lá is bhí aplom ag imirt don Afraic Theas mar gheall ar a craiceann ní scil…

    Like

    • jneville says:

      Go raibh maith agat; beidh cinn eile ag teacht go luath. Fiú go raibh sé in aghaidh Aplon, bhí sé fós thar barr. Ó thaobh an ailt de, bheinn buíoch más maith leat é a roinnt freisin. Go raibh maith agat arís.

      Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s