Nua-Shéalainn: Dochreidte Gan Dabht

Posted: September 18, 2016 in Uncategorized

Ag breathnú ar Nua-Shéalainn ag an deireadh seachtaine a bhí mé agus thosaigh mé ag ceistiú cén fáth a bhíonn an bua acu níos minice ná aon fhoireann eile. Fiú in aghaidh An Aifric Theas ar an Satharn; níor imir siad go hiontach, ach fós scóráil siad breis is daithead pointe. An bhféadfadh aon fhoireann eile é sin a dhéanamh? 

Seo liosta gearr a bhreathnaíonn ar na scileanna ‘is na tréithe is fearr atá acu.

1. Scileanna na dTosaithe

Is feidir tosaithe ar bith a n-imríonn rugbaí idirnáisiúnta breith ar an liathróid, ach an féidir leo pas a chaitheamh tríocha slat agus iad ag rith gan stad? Rinne Dane Coles é seo agus fós tá ionadh ar dhaoine gur tharla sé. Ach sula bhfuair Coles an liathróid, ba nascaire a chaith an pas chuige. Ba chuma le Ryan Crotty gurb tosaithe a bhí sa líne chúlaithe; bhí fios aige go raibh siad in ann an jab a dhéanamh.

Breathnú ar an bpas anseo. 

2. Foighne

Níl aon bhrú ar na himreoirí agus iad ag imirt; fanann siad go dtí go gcruthaíonn siad spás nó go dtí go ndéanann an fhoireann eile botúin. Is cuma leo má thógann sé nóimeád amháin nó trí nóimeád, tá siad breá sásta fanacht agus breá compórdach le seilbh na peile. 

3. An Cic

Dúirt Cory Jane ina leabhar nach raibh cúlaithe Nua-Shéalainne sásta an liathróid a chiceál muna raibh siad in ann seilbh na peile a fháil ar ais go luath théis nó muna raibh buntáiste éagsúil mar thoradh. Agus maireann an stíl imeartha sin fós inniu. Níl an fhoireann sásta an liathróid a thabhairt don fhoireann eile muna tharlaíonn sé ar a dtearmaí, is níos minice ná a chéile, faigheann siad úd nó fearann as.

4. An Taobh Caoch

Is breá le hAaron Smith an taobh seo, agus bíonn sé i gcónaí ag faire ar seans chun é a shaothrú. Imreoir thar a bheith cliste é, agus má aithníonn sé go bhfuil spás ann, athraíonn sé an ionsaí ar an bpointe boise agus ar aghaidh leis, fiú más rud é nach bhfuil ach tosaithe lasmuigh dó  (ag teacht ar as go scileanna na dtosaithe).

5. Beauden Barrett

Céard is féidir linn rá faoin lad seo. Sár-imreoir ab ea é do na Hurricanes i mbliana, agus thóg sé é sin leis go dtí an Croabhchomórtas Rugbaí. Tá sé sciopthai agus is féidir leis dul tríd bearna ar bith gan rabhadh ar bith. Gan dabht, an t-imreoir is fearr ar domhan ag an nóimeád in aice le Coles.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s